Laethanta Spiorad Scoile

Jun 19, 2025

Bhíomar ag ceiliúradh an spiorad iontach scoile atá againn in GSBB inné is inniu le gníomhaíochtaí faoi leith – ealaín le cailc ar an gclós, ceol, drámaíocht, eolaíocht, ealaín, ióga, aireachas, códú, léitheoireacht bheirte, Izak 9s, Chrome Music Lab, Filíocht, Beebots agus Lego. Bhain na gasúir an-sult as an dá lá agus tá an scoil ag breathnú go hiontach agus muid ag ceiliúradh 25 bliana.