Laethanta Spiorad Scoile 20ú, 21ú Meitheamh 23

Jun 20, 2023

Tá gasúir agus foireann na scoile ag baint lán sult as gníomhaíochtaí atá ar siúl inniu agus a bhéas ar siúl arís amárach agus muid ag ceiliúradh spiorad na scoile. D’eagraigh Muirne agus Comhairle na nDaltaí an dá lá seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar chuile shórt atá iontach anseo in GSBB. Tá gníomhaíochtaí spraíúla ceol, beebots, lego, léitheoireacht bheirte, ealaín le cailc, ióga, drámaíocht, eolaíocht, leadóg bord, aireachas, izak 9, CS First agus Chrome Music Lab ar siúl an dá lá seo. Nach iontach go deo an cheiliúradh seo a dhéanamh ar spiorad iontach scoile. Ar aghaidh linn le chéile.

Griangraif thíos agus neart eile sa nGailearaí anseo (lá 1) agus anseo (lá 2)