Lá Spórt Sins 14-06-23

Jun 14, 2023

Bhí lá spórt do na ranganna sinsearacha ar siúl sa scoil inniu. Bhí an t-ádh linn leis an aimsir bhreá agus bhain na gasúir sult as alán gníomhaíochtaí éagsúla – rásaíocht, cispheil, seachain an liathróid, damhsa, corr, gleacaíocht, cluichí clóis, cloch páipéar, siosúir agus tarraing téide. Táimid buíoch as an múinteoir Emma a d’eagraigh an lá agus as na múinteoirí go léir a chur lá álainn spraíúil ar bun do na gasúir. Beidh an lá spórt do na ranganna sóisearacha ar siúl amárach.

Neart griangraif ón aicsean inniu sa ngailearaí agus anseo