Lá Glas in GSBB

Mar 15, 2024

Táimid ag ceiliúradh Lá Glas in GSBB inniu agus deireadh seachtaine Lá Fhéile Phádraig buailte orainn. Bhí siúlóid ghlas againn ar maidin, bhíomar chomh sásta leis an méid páistí a tháinig ar scútar, ag siúl, ar rothar, ar bhus nó ag carr roinnt. Tá ag éirí go hiontach leis an gCoiste Ghlas ag gríosadh muid chun bealaí níos inbhuanaithe a roghnú chun taisteal ar scoil.

Tá céilithe faoi lán seoil in halla na scoile inniu. Bhíomar ar an gclós in éineacht le SETNS ag damhsa An Dreoilín agus an Cha Cha Slide. Rinne Comhairle na nDaltaí ón dá scoil píosa cainte faoina gníomhaíochtaí go léir a bhí ar siúl ag an dá scoil agus muid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge. Tá éacht bainte amach ag an dá scoil agus táimid thar a bheith bródúil as ár bpáistí iontacha.

Ag guí Beannachtaí na Féile Phádraig oraibh go léir agus go mbeidh deireadh seachtaine lán ceoil, cultúr, craic is spraoi Gaelach agaibh.

Tá na griangraif go léir ó inniu le feiceáil sa nGailearaí nó brú anseo. (All pictures from today in Gallery or access by clicking this link)