Lá Glas in GSBB!

Mar 16, 2026

Bhí lá glas againn ar an Aoine agus muid ag leanacht le ceiliúradh Coicís na Gaeilge agus Lá le Pádraig. Rinneamar a thuilleadh ceiliúradh agus damhsa in halla na scoile agus bhí steipeanna snazzyáilte le feiceáil! Bhí coicíos iontach againn go léir ag ceiliúradh ár dteanga is ár gcultúr. Táimid chomh bródúil as ár ngasúir iontacha leis an méid talann a thaispeáin siad le coicíos anuas. Mol an óige agus tiocfaidh sí! Ní neart go cur le chéile.

Ag guí Lá Fhéile Phádraig sona oraibh go léir.