Lá Glas in GSBB 16-03-23

Mar 16, 2023

Bhí lá glas againn ar scoil agus muid ag ceiliúradh Lá le Pádraig is SnaG. Bhí na gasúir gléasta go hiontach don lá, bhí paráid na ranganna againn ar an raon reatha agus bhí céilithe ar siúl in halla na scoile. Bhí na damhsaí thar barr, chomh maith leis na cultacha agus an t-atmasféar, a bhí dochreidte. Guíonn muid Beannachtaí na Féile Phádraig agus deireadh seachtaine den chéad scoth oraibh ar fad.

A thuilleadh griangraif sa Ghailearaí nó anseo.