Lá Gairme in GSBB

Jan 27, 2026

Bhí lá gairme ar siúl in halla na scoile inniu. Tháinig tuismitheoirí agus iar dhalta amháin chun na scoile chun a gcuid talann a thaispeáint agus a gcuid gairmeacha beatha a roinnt le gasúir na scoile. Bhí na taispeántais ar fheabhas agus bhain na gasúir fíor sult as ceisteanna a chur agus as an deis a fháil seasamh i mbróga na daoine fásta don lá. Is léir gur fhoghlaim siad an t-úafás agus go raibh an-lá go deo acu ar fad. Táimid fíor bhuíoch as ár gcuairteoirí speisialta a roinn a gcuid ama agus saineolais go fial flaithiúil agus buíochas ollmhór dár múinteoir Niamh Ní Ghrifín a d’eagraigh an lá iontach seo dúinn. Dia go deo libh ar fad.