Lá Eolaíochta sa halla 12-11-25

Nov 12, 2025

Tá muid ag ceiliúradh seachtain na heolaíochta an tseachtain seo ar fad. https://www.scienceweek.ie

Tá alán ar siúl sna ranganna ón Luan ach inniu bhí taispeántais mhór sa halla ag gach rang agus bhain na gasúir sult is spraoi as a bheith ag foghlaim go heolaíoch. Táimid buíoch don mhúinteoir Niamh Ní Ghrifín a rinne obair na gcapall ag eagrú chuile shórt sa halla le cabhair ó bhaill eile den Choiste Ghlas agus páistí na scoile.

Táimid chomh bródúil as ár bpáistí chuile lá agus ní haon éisceacht é inniu. Féach ar an obair iontach a rinneadar leis na turgnaimh eolaíochta seo. Is léir gur bhain gach duine sult as an taispeántas mór iontach seo. Nár laga Dia sibh go léir.