Lá Eolaíocht in GBB

Nov 27, 2024

Bhí lá mór eolaíochta againn in halla na scoile inniu. Bhí turgnaimh agus tionscnaimh curtha le chéile go hiontach ag chuile rang agus rinne na gasúir cur i láthair den chéad scoth. Bhí an halla leagtha amach go snasta ag gasúir na scoile faoi stiúr an múinteoir Niamh agus níl dabht ar bith faoi ach go bhfuil an eolaíocht slán lenár n-eolaithe óga agus na samplaí iontacha a bhí acu inniu. Dia go deo libh a ghasúir agus a mhúinteoirí.