Bhí lá iontach againn ar scoil agus muid ag ceiliúradh lá Domhanda na Leabhar inniu. Rinne na gasúir sár iarracht ag gléasadh mar charachtéir éagsúla as leabhair. Bhí malartú leabhair ar siúl agus deis ag gach páiste leabhar nua a roghnú, bhí na hardranganna ag léamh le ranganna níos óige agus bhí alán gníomhaíochtaí eile ar siúl sna seomraí agus thart timpeall na scoile. Ná déanaigí dearmad bhur gcuid dearbháin a mhalartú do leabhar nua i siopa leabhar. Dia go deo libh agus ar aghaidh linn le chéile ag léamh!
https://www.worldbookday.com/about-us/world-book-day-ireland/
https://www.worldbookday.com/wp-content/uploads/2026/02/2026-digital-token-Ireland.pdf (dearbhán / book token)
