Bhí lá aláinn eile ar scoil agus muid ag ceiliúradh Lá Domhanda na Leabhar. Bhí alán gníomhaíochtaí ar siúl, idir thoraíocht taisce, léirmheasanna leabhair a scríobh, ag baint sult as leabhair nua, ag déanamh ceiliúradh ar an leabhar álainn Anseo Atá Muid le hOliver Jeffers; gasúir sna ranganna sinsearacha ag léamh le gasúir sna ranganna sóisearacha, ranganna ag obair ar chromeleabhair ar an suíomh Epic srl.
Féach ar na griangraif áille anseo thíos nó sa Ghailearaí.
A ghasúir, ná déanaigí dearmad bhur leabhar saor in aisce a fháil leis na dearbháin a fuair sibh ar scoil. A thuilleadh faoi Lá Domhanda na Leabhar ag an nasc thíos.