Táimid chomh bródúil as ár lúthchleasaithe óga a bhí ag rith sna bhabhtaí ceannais lúthchleasaíochta de chuid Fhine Gall inné in Alsaa. Rinneadar gaisce ag baint an chéad áit amach ina ngrúpa agus thángadar ar ais chun na scoile leis an sciath álainn buacach. Comhghairdeachas ollmhór leo go léir agus táimid thar a bheith buíoch do Niamh Ní Mhurchú agus Muirne a bhí i mbun traenála leis na gasúir an bhlian ar fad. Nár laga Dia sibh.
Is féidir breathnú ar na rásaí go léir ar shuíomh YouTube ag fingal athletics finals day 2025 nó brú ar an nasc anseo https://www.youtube.com/watch?v=Wo2f2z7mASA
