Tá imeachtaí Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil in GSBB. Bhí an t-amhránaí agus ceoltóir John Spillane ar scoil linn inniu agus bhain muid uilig sult is tairbhe as ceolchoirm den scoth. Bhí na páistí gníomhach le geaitsí agus canadh. https://johnspillane.ie/
Tá neart imeachtaí eile ar siúl, comórtas ealaíne, seanfhocail agus nathanna nua á chleachtadh sna ranganna; rabhlóga, cluichí, spórt is spraoi. Beidh biongó agus tráth na gceist ar siúl amárach. Beidh an bhanna ceoil ag seinm ag an tionól ar an gCéadaoin. Beidh céilí ar an gclós ceann de na laethanta agus beidh paráid agus seó faisean ar siúl ar an Aoine. Tá muid sona sásta ag labhairt i nGaeilge. Táimid bródúil as ár dteanga agus ár gcultúr.
Déanaigí iarracht sibh féin le cúpla nath nó frása nua. Neart eolais ag https://www.gsbb.ie/eolas/an-ghaeilge/ agus ar shuíomh Seachtain na Gaeilge https://snag.ie/
Beatha Teanga í a labhairt!
Ní neart go cur le chéile!
