Tháinig Ciarán Mac Fhearghusa chun na scoile inniu chun ceardlainn Ióga a dhéanamh leis an dá Rang a 3 agus an dá Rang a 4. Tá leabhar nua ag Ciarán darbh ainm Diarmuid agus an Mata Yoga Draíochta san Astráil a bhí mar théama na ceardlainne. Tugadh na gasúir ar eachtra spleodrach spraíúil an bealach ar fad go dtí an Astráil áit ar fhoghlaim siad faoi na hainmhithe fíorspéisiúla atá ann, an timpeallacht agus an cultúr. Thaitin sé leis na gasúir áit ar nascadh ióga, gluaiseachtaí coirp agus oideachas le chéile.
A thuilleadh griangraif sa Ghailearaí nó anseo.