Ba mhór an onóir dúinn fáilte a chur roimh beirt iarscoláirí GSBB ar scoil inniu. Tháinig Ellen Seoigh agus Orla Ní Chaoláin ar cuairt le Corn Uile Éireann faoi 16. Scóráil Ellen 1-3 sa gcluiche buacach sin i rith an tsamhraidh. Tá Orla mar thraenálaí ar an bhfoireann. Ba chúis áthais dúinn go léir agus d’fhoireann peile na gcailíní fáilte a chur roimh ár gcuairteoirí speisialta inniu. Táimid thar a bheith bródúil astu.
Is féidir níos mó a léamh faoin gcluiche ag https://ladiesgaelic.ie/dublin-leave-it-late-to-secure-their-crown/