Bhí lá den chéad scoth againn inniu agus muid uilig gléasta don Samhain. Bhí alán cluichí agus gníomhaíochtaí spúcaí ar siúl sna ranganna. Bhí Dioscó na Samhna ar siúl sa halla agus táimid buíoch as Cairde na Scoile as an ócáid bhliantiúil seo a eagrú dúinn. Táimid buíoch freisin as DJ na bliana seo, múinteoir Aodán a rinne sár jhab leis na tiúin go léir. Ach ba le gasúir na scoile an lá agus an sár iarracht a rinneadar ar fad lena gcuid feistis! Nár laga Dia sibh a ghasúir. Ag guí Samhain sona, sláintiúil, spraíúil, sábháilte oraibh go léir.
Hocus Pocus inniu ar scoil
Oct 23, 2025

Nuacht
Táimid ag ceiliúradh spiorad na scoile! 🎉 Ióga, beebots, lego, léitheoireacht, ealaín, ceol, drámaíocht, eolaíocht, códú, Izak 9s, Chrome Music Lab, filíocht… agus neart eile!
4Bhain na gasúir an‑sult as gníomhaíochtaí spóirt sa halla nuair a tháinig Triathlon Ireland ar cuairt. Ní raibh an aimsir linn — ní hé lá na báistí lá na bpáistí! 🌧️😄 Ach bhí spórt is spraoi go leor acu sa halla. 💚🤍 @tri_ireland
2Bhain na hardranganna an‑taitneamh as Ceardlann Galf le déanaí! ⛳️😄 Buíochas ó chroí le Galf Éireann as an deis iontach. Tá an t‑ádh ar ár ngasúir leis na taithí seo! 💚🤍 @GolfIreland_
2🎨 🖌 Tá ár gclós ag fáil sciúirse úr geal inniu – dathanna nua, fuinneamh nua, agus tá sé go hálainn ar fad! 🎨✨ Bród ar ár bpobal scoile cruthaitheach. 💚🤍
2Lá iontach i GSBB inniu! 🌟 Spraoi, foghlaim agus fuinneamh dearfach ó gach duine. Bródúil as ár bpobal scoile álainn! 💚📚 @ActiveFlag
2Bród an domhain orainn as ár bhfoireann camógaíochta a bhuaigh i bPáirc an Chrócaigh inniu! 🏆 Scór 3:2 go 1:3. Sár captaen, lucht tacaíochta dochreidte, agus an corn ar ais sa scoil. Seaimpíní sibh! 💚🤍 GBB go deo! @ActiveFlag @fingalsp
2
Dot‑cakes againn inniu — spréacha ar fud na háite
An‑chraic agus an‑bhlas
Buíochas ó chroí le Florence
Bhíomar ar bís inniu nuair a fuaireamar bóín Dé dhubh i ngairdín na scoile& d’aithníomar neart feithidí&bláthanna fiáine freisin. @BioInSchools @GreenSchoolsIre #BioBealtaine @AnTaisce @FingalBiodiv @BioDataCentre
4
🌍💚 Brat Glas Uimh.10 bainte amach! Bronnadh ár mbratach nua ar théama Saoránacht Dhomhanda – Bia & Bithéagsúlacht inniu.Rinne beirt ó Rang 6 ionadaíocht den scoth!Smaointe nua bailithe don todhchaí 🌱💚
@FingalBiodiv
@BioInSchools
@GreenSchoolsIre
@AnTaisce
@Fingalcoco
Bhí obair mhór déanta ar ár nglasraí inniu — fiailí bainte, ithir scaoilte agus na prátaí ag breathnú thar barr!
Maith sibh, a ghairdíníní óga 🌱💪 @GreenSchoolsIre @FingalBiodiv @BioInSchools
#GairdínNaScoile @GIYOnline