Bhí draíocht na Samhna le brath in GSBB inniu. Bhí na gasúir agus foireann na scoile gléasta don Samhain; bhí cluichí, spórt is spraoi ar fud na scoile. Bhí Dioscó na Samhna againn le duine de na gasúir as Rang a 6 againn mar DJ. Rinne sé sár jhab agus is léir go raibh na gasúir faoi gheasa ag ceol na Samhna. Bhí Comhairle na nDaltaí gnóthach in éineacht le Cairde na Scoile ag maisiú an halla don ócáid iontach seo agus bhí soláistí deasa curtha ar fáil ag Cairde do na gasúir go léir. Go raibh míle maith agaibh as chuile shórt a dhéanann sibh don scoil agus do na gasúir. Bhí an damhsa Thriller mar bhuaicphointe ag an Dioscó um thráthnóna faoi stiúr an múinteoir Ailín. Is féidir breathnú ar a thuilleadh griangraif sa Ghailearaí nó anseo.
More photographs can be viewed in the Gallery or here.
Idir an dá linn ba mhaith linn Samhain agus seachtain sona, spraoiúil, sábháilte a ghuí oraibh go léir. Feicfimid sibh ar ais ar scoil ar an 7ú Samhain.