Gradaim Ár nDomhan & R5

May 7, 2026

Tá muid thar a bheith bródúil as gasúir ón dá Rang a 5 agus a gcuid múinteoirí Niamh Ní Mhurchú agus Caoimhe a rinne obair na gcapall ag glacadh páirte in Gradaim Ár nDomhan i mbliana.

https://ourworldawards.ie/gaeilge/

Rinne an dá Rang 5 a gcuid saothaoir ar Mozambique & Laos. Rinneadar cluiche monopoly as Gaeilge a chruthú freisin, chomh maith le físeán dá gcuid oibre.

Bhí caighdeán chomh ard sin ina gcuid saothair gur shroich siad an Craobh Náisiúnta a bhí ar siúl in UCD inniu. Ar an ndrochuair ní bhfuaireamar cuireadh ach rang amháin a thabhairt linn. Bhí scoileanna as chuile cearn den tír ann, Dún na nGall, Gaillimh agus Ciarraí ina measc. Rang a 5 Niamh a chuaigh ag an ócáid inniu agus beidh Cóisir Ranga ag Rang a 5 Caoimhe an tseachtain seo chugainn. Bhí deis ag Rang a 5 Caoimhe breathnú ar an gcraoladh beo agus bhí an dá rang in ann ceiliúradh a dhéanamh. Ní neart go cur le chéile.

D’éirigh leis na gasúir gradam, an Iontráil Gaeilge is fearr a bhaint amach. Gaisce déanta acu as 530 iontráil. Tá muid ríméadach daoibh a ghasúir agus fíor bhuíoch do Niamh agus Caoimhe as an méid oibre a chur siadsan isteach chomh maith lena gcuid tacaíochta. Dia go deo libh a ghasúir.