Gléasadh na Samhna

Oct 23, 2026

Hocús Pocús in GSBB. Bhí draíocht na Samhna le brath sa scoil inniu. Bhí na gasúir agus an fhoireann gléasta do cheiliúradh na Samhna. Bhí cluichí agus alán rudaí spúcaí ag dul ar aghaidh sna ranganna. Bhí Dioscó na Samhna ar siúl in halla na scoile agus táimid buíoch do Chairde na Scoile as an eagrúcháin go léir agus as áit a mhaisiú go taibhsiúil, chomh maith le málaí deas soláistí a thabhairt do na gasúir go léir. Ag guí Samhain sona sábháilte ar gach duine. Bíodh briseadh lár téarma álainn agaibh ar fad.