Bhí an scoil lán le spiorad na Samhna inniu agus muid go léir gléasta in feistis. Bhí cluichí, ceoil, spraoi agus cleasanna ar siúl agus bhain muid uilig sult as Dioscó in halla na scoile le DJ Charlie. Táimid buíoch as Cairde na Scoile a mhaisigh an halla go draíochtúil agus a chur sóláistí ar fáil do na gasúir go léir. Rinne na gasúir éachtaí lena feistis ar fad agus tá neart griangraifeanna le feiceáil sa nGailearaí nó anseo.
Ag guí Samhain sona sábháilte lán rudaí spraíúla oraibh go léir. Bainigí sult as an mbriseadh lán téarma.
