Fáilte ar ais chuile dhuine don scoilbhlian nua. Bhí sé iontach na gasúir ar fad a fheiceáil ag filleadh tar éis laethanta saoire an tsamhraidh agus chomh deas na haghaidheanna nua a fheiceáil sna naíonáin. Tá muid sona sásta bheith ar ais agus ag súil le scoilbhlian den scoth lán spraoi, foghlaim agus sonas. Bhí tionól sa halla againn, áit ar chuir Pádraig fáilte mhór romhainn agus chuir na múinteoirí iad féin in aithne. A thuilleadh pictiúir le feiceáil anseo nó sa Ghailearaí.