Scoil Ghníomhach
Active School
“Spreag Suim, Glac Páirt, Ar Aghaidh Linn Le Chéile”
Is é an aidhm atá leis an bPróiseas Bratach Scoile Gníomhaí ná aitheantas a thabhairt do scoileanna a dhéanann iarracht pobal a chruthú atá oilte go fisiciúil agus a bhíonn gníomhach go fisiciúil.
The Active School Flag process seeks to recognise schools that strive to achieve a physically educated and physically active school community.
Moltar gur cheart go mbeadh uair amháin (ar a laghad) de ghníomhaíocht chorpartha idir measartha agus bríomhar ag páistí gach lá. Ach de réir suirbhé fadaimseartha atá déanta ag ‘Growing up in Ireland’, ní dhéanann ach páiste amháin as ceathrar atá 9 mbliana d’aois an méid seo.
It is recommended that children get a minimum of one hour of moderate to vigorous physical activity per day. However, according to the ‘Growing up in Ireland’ longitudinal study, only one in four nine year olds do this much activity every day.
I mbliana, tá sé mar phríomhaidhm againn leibhéal aclaíochta gach páiste a fheabhsú. Táimid ag súil leis an mBratach Scoile Gníomhaí a ghnóthú roimh dheireadh na bliana.
Our main aim this year in Gaelscoil Brian Bóroimhe is to improve the level of fitness of each child in the school. We are hoping to achieve the ‘Active School Flag’ before the end of the year.
Corpoideachas / Physical Education
Pleanáil / Planning
Múintear cúig as sé snáith sa churaclam Corpoideachais gach bliain. Is iad Oiliúnt Uisce, Lúthchleasaíocht, Cluichí, Damhsa, Gleacaíocht, agus Gníomhaíochtaí Lasmuigh agus Eachtraíochta na snáitheanna. Tugtar uair amháin gach seachtain don Chorpoideachas. Tugtar am roghnach don Chorpoideachas freisin. Tá plean caighdeánaithe againn don ionas go bhfuil gach rang ag díriú ar an snáith céanna agus na scileanna bunghluaiseachta céanna ag an am céanna. Múintear an clár ‘PAWS’ freisin. Tá ár bplean scoile don Chorpoideachas ar thaispeáint sa seomra foirne agus ar chlár fógra lasmuigh den hall, ag léiriú snáith na míosa agus scil na míosa.
All classes are taught five out of the six strands in the P.E. curriculum each year. The six strands include: Aquatics, Athletics, Games, Dance, Gymnastics and Outdoor and Adventure. Physical Education is allocated 1 hour per week of overall teaching time. Discretionary time is also used towards P.E. We have standardised the school year so that all classes are taught the same strand and fundamental movement skills at the same time. Children are also taught the ‘Land PAWS Water Safety Programme’. Our school P.E plan is displayed in the staff room and a noticeboard outside the hall displays the strand and skill of the month.
Úsáideann na múinteoirí na ceachtanna PSSI don Chorpoideachas. Tá na ceachtanna seo ar fáil ar gach ríomhaire an mhúinteora sa suíomh roinnte. Bhí cóip bainc téimh suas agus bainc téamh síos tugtha do gach múinteoir. Mar scoil, táimid ag iarraidh feabhas a chur ar an snáith ‘Gníomhaíochtaí Lasmuigh agus Eactraíochta’ i mbliana. Chuireamar fillteán le chéile le cóip de gach ceacht faoin snáith seo agus tá siad eagraithe de réir rang leibhéal.
All teachers use PSSI lessons to inform their planning in P.E. These lessons are available on all on the server on all teacher’s computers. A hard copy of a warm up bank and a cool down bank was also given to each teacher. As a school, we are prioitising the strand, ‘Outdoor and Adventure Activities’ for further development this year. We have put a folder together, with a copy of each lesson under this strand and they are organised according to class level.
Áiseanna / Facilities
Tá an t-ádh linn sa scoil go bhfuil go leor áiseanna iontacha againn a bhíonn in úsáid don Chorpoideachas.Tá halla agus seomra spóirt againn. Tá raon reatha, páirc uile aimseartha augus cúirteanna cispheile againn. Tháinig grúpa tuismitheoirí isteach le linn laethanta saoire an tsamhraidh chun na cluichí clóis a athpheinteáil. Tá na bunranganna ag baint an-sult as iad a úsáid.
We are very lucky in the school to have so many fantastic facilites that are used for P.E. We have a school hall and sports equipment room. We have a running track, all weather pitch and basketball courts. A group of parents re-painted our playground games over the summer and the junior classes really enjoy using them.
An Seomra Spórt / The Sports Equipmet Room
Ghlan an Coiste Gníomhach an seomra spóirt amach agus déanann muid seic ar go minic chun a chinntiú go bhfuil sé glan agus néata. Chaith muid amach aon fhearas spóirt a bhí briste agus d’órdaigh muid fearas nua a bhí ag teastáil. Chuir muid fearas i mboscaí éagsúla le lipéid ionas go bhfuil siad le feiceáil agus go bhfuil na múinteoirí in ann teacht orthu go héasca. Chuir tuismitheoir seilf ar an mballa dúinn ionas go mbeidh muid in ann teacht ar acmhainní Corpoideachais nuair a theastaíonn siad uainn.
The Active School Committee cleaned out our sports equipment room and check it regularly to ensure that it is kept tidy. We threw out any broken equipment and we ordered any new equipment that was needed. We sorted the equipment into different boxes and labelled them so that the equipment is visible and so that teachers can easiy access whatever equipment they need for their lessons. A parent also put a shelf on the wall for us so that we can find P.E resources when needed.
Gluais Go Maith, Gluais Go Minic / Move Well Move Often
D’fhreatsal Cian agus Emma ar chearlanna ‘Gluais Go Maith, Gluais Go Minic’. Tá sé i gceist go gcuifeadh an acmhainn seo le forabairt linbh ag a bhfuil inniúlacht fhisiciúil. Dearadh í le go gcuifeadh sí le teagasc an churaclaim corpoideachais i mbunscoileanna na hÉireann . Tá sé mar aidhm aici moll uirlisí a chur ar fáil chun tacú leis an múinteoir scileanna bunghluaiseachta a theagasc ar fud na bunscoileanna. Tar éis a bheith ag freastal ar na ceardlanna, roinn siad an t-eolas agus na hacmhainní leis an bhfoireann agus mhúin siad ceacht corpoideachais don fhoireann ag cruinniú foirne.
Cian and Emma have attended ‘Move Well, Move Often’ workshops. This resource is intended to contribute to the development of the physically literate child. It has been designed to complement the teaching of the Irish Primary School Physical Education (PE) Curriculum and aims to provide a range of tools to support the teacher in teaching fundamental movement skills (FMS) throughout the primary school. After attending the workshops, they shared the information and resources with the rest of the staff and taught a P.E lesson during a staff meeting.