An Cumann Gaelach
The Irish Society

Déantar smaointí a phlé go minic idir an fhoireann agus gasúir na scoile maidir leis an gcaoi gur féidir linn an Ghaeilge a chothú agus a shaibhriú sa scoil.

Tá clár fógraí crochta sa scoil le frásaí agus nathanna úsáideacha gur féidir le pobal na scoile a chleachtadh i rith na scoilbhliana.

Bíonn griangraif do Gaeilgeoirí na Seachtaine crochta go seachtainiúil chomh maith le griangraif do bhuaiteoirí Gaisce na Gaeilge.

Go minic ag an tionól roinntear frása, amhrán nó dán agus déantar iad a chleachtadh sna ranganna.

Samplaí do Frásaí

Sampla d’Amhrán / Dán 

Is breá linn an t-amhrán seo

Mo Ghile Mear

Ar mhaith leat Iarla Ó Lionaird ón ngrúpa ceoil ‘The Gloaming’ a chloisteáil á chanadh?

Nó is féidir éisteacht leis an amhrán á rá ag Cór Cantain, UCD.

Rabhlóga

Baineann muid an-spraoi as Rabhlóga a aithris ar scoil chomh sciopthaí agus is féidir linn!

Bainigí triail astu seo…..

‘SEACHT SICÍN INA SEASAMH SA SNEACHTA LÁ SEACA’

‘BÍONN BÁISTEACH UAFÁSACH SAN FHÁSACH’

Bíonn alán gníomhaíochtaí curtha le chéile ag múinteoirí agus gasúir na scoile chun  Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh chuile bhlian. Bíonn comórtais, tráth na gceist, biongó, seanfhocail á roinnt agus neart eile ar siúl.

Is breá linn an Ghaeilge ar scoil agus tá leathanach eile againn ar an suíomh chun a thuilleadh tacaíochta, eolais is smaointí a roinnt le tuismitheoirí.

Brú anseo