Dráma ‘Stair’, High Rock Productions

Mar 24, 2026

Bhí ríméad ar ghasúir sna hardranganna nuair a tháinig Brian ó High Rock Productions chun na scoile inniu leis an ndráma Stair http://highrockproductions.ie/

Bhain gach duine fíor sult as agus iad tugtha siar ar bhóithre stair na tíre seo. Bhí deis ag na gasúir bheith rannpháirteach agus rólanna a thrial ag deireadh an léiriú freisin. Táimid buíoch dár múinteoir Máire Ní Fhinneadha a d’eagraigh an seó seo dúinn. Freisin bhí deis ag gasúir ón dá R5 dul chuig Coláiste Ghlór na Mara chun ceoldráma na hidirbhliana Disco Inferno a fheiceáil inné. Bhí sé ar fheabhas ar fad agus chomh deas ár gcuid iardhaltaí a fheiceáil i mbun aisteoireachta, canadh is damhsa ar an stáitse. Seachtain lán drámaíochta is talann. Nach aoibheann beatha í an scoláire.

https://www.cgnm.ie