Deontas Elevate

Nov 22, 2025

Bhí Niamh, Máire agus gasúir ón gcoiste glas ag ócáid cheiliúrtha Elevate 25 leis an DAA in Óstán Carlton ag Aerfort Baile Átha Cliath ar an Aoine. D’éirigh leis an gcoiste ghlas deontas a fháil faoin gcatagóir Comhshaol & Inbuanaitheacht. Cuirfidh an maoiniú seo tacaíocht ar fáil do dhá thionscadal nua spreagúla, níos mó painéil ghréine (chun ár lorg carbóin a laghdú a thuilleadh) agus compostóir ardaithe te (chun cabhrú leis an scoil dramháil bhia a bhainistiú go hinbhuanaithe agus ár ngairdín scoile a shaibhriú).

Tá an choiste ghlas faoi stiúr Niamh agus Máire ag obair go dian agus tá siad ag súil go mór tosú ar na tionscadail seo sa mblian nua agus a n-aistear i dtreo caomhnú comhshaoil agus saoránacht domhanda a leanúint. Maith sibh.