Bhí cuairteoir speisialta againn ar scoil inniu. Bhí rírá is ruaille buaille in halla na scoile inniu nuair a shiúl Daidí na Nollag isteach ag an tionól áit a raibh damhsa Hip Hop ar siúl. Ghlac fear na feasóige bán páirt sa damhsa lena chuid steipeanna féin. Rinne sé alán cainte leis na gasúir agus bhí neart scéalta cloiste aige ó na síofraí a tháinig ar cuairt chuig GSBB i mbliana. Rinne sé comhghairdeachas a rá leis na foirne scoile, le páistí a ghrú comórtaisí éagsúla i mbliana, ghuigh sé breithlá sona ar ghasúir a bhfuil breithlá acu thar na Nollag agus chinntigh sé go bhfuil GACH páiste ar an liosta maith. Chan muid go léir cúpla amhrán Nollaig agus bhí chuile dhuine in ard ghiúmar. Chroch sé leis a sheolta (bhuel a shleigh!) agus d’imigh sé leis ar ais chuig an bPol Thuaidh agus roinnt laethanta gnóthach roimhe fós. Ghuigh sé Nollaig Shona orainn go léir agus d’fhág na síofraí sóláistí do na páistí scoile ar fad. Go raibh míle maith agat a Shantaí as ucht teacht ar cuairt ag an am seo.
Guíonn muid Nollaig mhór mhaith ar chlann uile GSBB agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.
