Bhí tionól gearr againn ar maidin agus muid ag ceiliúradh Ceolchoirm den scoth an oíche aréir. Ghabh Pádraig buíochas le chuile dhuine as an sár obair a cuireadh isteach sna cleachtaithe agus go mór mhór ar an oíche. Mhol sé talann na bpáistí go hard na spéire. Sheas Comhairle na nDaltaí ag gábháil buíochas as an tacaíocht a tugadh dóibh lena lá seacláid the. Bhí cárta an duine acu ag léiriú an méid airgid a bhailigh siad d’Ospís Naomh Proinnsias. €429.93 an méid sin. Dochreidte a ghasúir. Táimid fíor bhuíoch agus fíor bhródúil asaibh. Dia go deo libh.
Níos déanaí bhí rí rá is ruaille buaille chomh maith le glórtha áthais nuair a tháinig Daidí na Nollag ar cuairt. In aineoinn neart iarrachtaí ó Phádraig é fháil chun teacht ar cuairt chugainn i mbliana, theip air. Ach d’éirigh le Sophie as Rang Naíonáin Shinsearach aird Santaí a fháil nuair a bhuail sí cloigín draíochta dá chuid a d’fhág duine do na síofraí ar scoil. Tá Sophie ag ceiliúradh a breithlá inniu agus deir Daidí na Nollag go bhfuil draíocht faoi leith aici inniu mar go bhfuil a breithlá ann. Bhí áthas ar chuile dhuine agus déanadh neart ceiliúradh le hamhráin Nollaig agus dár ndóigh le Lá Breithe Sona. Rinne Daidí na Nollag ceiliúradh ar na breithlaethanta speisialta eile an tseachtain seo. D’fhógair sé go bhfuil NA PÁISTÍ GO LÉIR ar an liosta maith ach go gcaithfidh roinnt de na múinteoirí bheith cúramach, tá cúpla duine de na leaids ar an liosta dána. Úúps!
Rinne Daidí na Nollag comhghairdeachas a rá linn as ár gceiliúradh 25 bliana i mbliana. Rinne sé comhghairdeachas a rá le gasúir na scoile as an gcineáltas a léiríonn siad leis na cártaí Nollaig Meals on Wheels, leis an airgid a bailíodh d’Ospís Naomh Proinnsias agus as an gaisce a rinneadar ar stáitse aréir.
D’fhág sé soláistí do na gasúir go léir agus ghuigh sé Nollaig Shona orainn sular fhág sé slán le gach duine. Míle buíochas Santaí as theacht ar cuairt againn inniu. Tar arís an bhlian seo chugainn!
