Daidí na Nollag ar cuairt 21-12-22

Dec 21, 2022 | Nuacht Ginearálta

Bhí riméad ar ghasúir is foireann na scoile nuair a tháinig Daidí na Nollag ar cuairt inniu. Chan muid cúpla amhráin, bhí ceiliúradh agus spiorad na Nollag le brath. Go raibh maith agat a Dhaidí na Nollag as ucht cuairt a thabhairt orainn agus as na milseáin go léir. Hó hó hó!

Nollaig mhór mhaith do chuile dhuine, athbhliain faoi shéan is faoi mhaise.

A thuilleadh pictiúir sa nGailearaí nó anseo.