Crann an Chineáltais

May 15, 2025

Tá crann an Chineáltais crochta ar bhalla sa scoil ag an gCoiste Chineáltais. Rinne chuile páiste sa scoil croí beag a mhaisiú le healaín nó ráitéis dhearfach agus tá muid uilig i ngrá leis agus na teachtaireachtaí áille ó na gasúir is fearr ar domhain. Mol an óige agus tiocfaidh sí. Táimid buíoch do Cháit as an tionscnaimh beag ealaíne seo a stiúradh chomh maith leis na múinteoirí go léir a chabhraigh ar chuile bhealach.