Corn Brendan Martin

Dec 5, 2025

Bhí áthas an domhain orainn fáilte a chur roimh ár n-iarscoláire Niamh Ní Chrualaíoch ar ais in GBB inniu le Corn Brendan Martin. Chuir gasúir agus pobal na scoile fáilte ollmhór roimpi agus bhí neart ceisteanna spéisiúla acu le cur uirthi. Bhí ceol, amhrán, rírá is ruaille buaille sa halla agus gach duine in deá ghiúmar lenár gcuairteoir speisialta. Míle buíochas Niamh.