Bhí ríméad an domhain ar ghasúir agus pobal na scoile nuair a tháinig cuairteoir an-speisialta chun na scoile inniu. Ar maidin tháinig iar dhalta na scoile Niamh Ní Chrualaoich agus Corn Brendan Martin chun na halla áit a raibh ceiliúradh álainn againn. Chuir pobal na scoile fáilte ollmhór roimh Niamh, bhí an halla maisithe le healaín na bpáistí, bhí ceoil, canadh, agallaimh, neart ceisteanna, freagraí, griangraif, spórt is spraoi.
Táimid thar a bheith bródúil as Niamh s’ainne agus as an bhfoireann go léir. Freisin táimid buíoch d’Anne as Club FhineGhalainn a tháinig ar cuairt le Niamh agus leis an gCorn.
Griangraif thíos agus sa nGailearaí freisin.