Comórtas Cór na mBunscoileanna 03-05-23

May 3, 2023

Comhghairdeachas ó chroí leis an dá Rang a 4 a ghlac páirt i gcomórtas Cór na mBunscoileanna san Uaimh inniu agus a tháinig sa Chéad Áit! https://navanchoralfestival.com/choral-solo-singing/

Táimid chomh bródúil astu agus fíor bhuíoch as na múinteoirí Muirne is Tara a d’ullmhaigh iad don chomórtas, chomh maith lena gcuid múinteoirí ranga Ciara agus Róisín. Maith sibh a pháistí, ar aghaidh linn le chéile.