Bhí Coiste Glas na scoile gníomhach agus iad i mbun siúlóid thart timpeall an cheantair inniu. Tháinig Rachel ó GreenSchools Ireland ar cuairt chun siúlóid iniúchadh a dhéanamh leis an gcoiste. Shocraigh siad siúl i dtreo an timpeallán ag Coill na nÚll. Ar an mbealach chonaic siad alán rudaí dearfacha – cosán deas, lána rothar, comharthaí bóthair, rampa moillithe, trasrian coisithe, crainn, plandaí, boscaí bruscair agus soilse tráchta. Chuala siad ceol na n-éan agus iad amuigh. Tá an choiste den tuairim go bhfuil gá le boscaí bruscair chun salachar madraí a bhailiú mar go raibh sé le feiceáil ar an gcosán in roinnt áiteanna. Thug siad faoi deara freisin go bhfuil comharthaí ann ag meabhrú do thrácht moilliú go 30km san uair agus iad ag tiomáint i dtreo na scoile.
Bhain siad fíor taitneamh as an tsiúlóid in aineoinn é bheith fuar feanntach agus tá a thuilleadh griangraif le feiceáil sa Ghailearaí nó anseo.