Coiste Glas na scoile ag cur crainnte 10ú Márta 2022

Mar 10, 2022 | Nuacht Ginearálta

D’imigh na gasúir ón gCoiste Glas in éineacht le Clodagh agus Muirne go Mainéar Shoird inniu le crainn a chur le Orla Ní Fhearaíl ó Easy Tressie, Bailte Slachtmhara Shoird agus Cumann Coille Shoird. Chuir siad crainn darach, crainn péine Albanach, crainn fearnóige, sceacha geala agus crainn beithe.

D’éirigh leo 120 crann a chur inniu.

Beidh 460 crann ann, crann do gach páiste a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil Bhrian Bóroimhe, go luath. Maith sibh a ghasúir agus  Nár laga Dia sibh.