Bhí sceitimíní áthais ar ghasúir na scoile ag teacht ar scoil ar maidin agus cluichí nua péinteáilte ar an gclós. Tá cruthanna, aibitír agus uimhreacha chun tosaigh do na naíonáin ag siúl isteach (nó ar chóir dom a rá ag léimt isteach!). Tá cluichí nua á phéinteáil ar chúl na scoile agus tá an t-ealaíontóir Hernán González ón Airgintín (chomh maith lena chara) ag obair go dian inniu (agus beidh an chuid eile den tseachtain) ag cur le suíomh álainn spríúil do ghasúir na scoile. Is féidir níos mó a léamh faoi Hernán ag https://arthsy.com/
Táimid fíor bhuíoch do Chairde na Scoile as ucht a gcuid tacaíochta ag cur maoin ar fáil dúinn. Ar aghaidh linn le chéile. Féach sa nGailearaí níos deireannaí sa tseachtain chun a thuilleadh pictiúir a fheiceáil.