Cluichí Cispheile do SnaG

Mar 10, 2026

Bhí ócáid mhór cispheile ar siúl in halla na scoile an Aoine seo caite, an 6ú Márta agus foirne cispheile na scoile ag imirt cluichí cairdiúla i gcoinne dhá scoil eile Gaelscoil an Chuilinn agus ár gcomharsana SETNS. Bhí atmasféar álainn sa halla agus bhí na gasúir sona sásta ag imirt agus ag cur aithne ar chairde nua. Táimid buíoch dár múinteoirí Niamh Ní Mhurchú, Lara agus Proinnsias a d’eagraigh an ócáid speisialta seo. Bhí gach duine sona lena bonn speisialta. Nár laga Dia sibh! Tá gach rud níos fearr fós tré Ghaeilge!