Cluiche Ceannais Sraith Fhine Ghall

May 21, 2024

Táimid thar a bheith bródúil as Foireann Shinsearach na mBuachaillí a thaispeáin scileanna peile dochreithe agus iad ag imirt i gcoinne Scoil Pope John Paul i gcluiche ceannais sraith Fhine Ghall i bPáirc Pharnell inniu. In aineoinn sár imirt agus a gcuid iarrachtaí ar fad comhscór a bhí ann ar deireadh. Tá an corn le roinnt idir an dá scoil. Bhí an lucht féachána is fearr againn (mar a bhíonn i gcónaí) i bPáirc Pharnell agus ar scoil. Táimid thar a bheith bródúil as gasúir uile na scoile. Comhghairdeachas leis na leaids óga seo agus lena gcuid bainisteoirí. GBB go deo. Ar aghaidh linn le chéile.