Cluiche Ceannais Sraith Fhine Gall

May 13, 2025

Táimid thar a bheith bródúil as foireann sinsearach na gcailíní a throid go fíochmhar inniu sa gcluiche ceannais i sraith Fhine Gall i mBaile an Aba. Cé nach raibh siad buacach ar deireadh níor stop siad lena gcuid iarrachtaí agus bhí taispeántaisí dochreidte peile le feiceáil chomh maith le spioraid iontach foirne. Ní fhéadfadh na cailíní seo cath le níos mó iarracht a throid agus táimid thar a bheith bródúil astu agus an gaisce atá bainteach amach sa sraith i mbliana. Táimid buíoch freisin as an treoir is stiúr óna gcuid bainisteoirí i gcónaí agus dár ndóigh bhí an lucht tacaíochta is glórmhara agus is tacúla sa tír againn á spreagadh i rith an chluiche go léir. Dia go deo libh lucht GBB!