Cluiche Ceannais Sraith Cispheile

May 1, 2026

Bhí Cluiche Ceannais an Sraith Cispheile ar siúl ar chlós na scoile inniu. Bhí an ghrian ag scaladh anuas orainn, bhí lucht féachana den chéad scoth againn agus bhí sár imirt le feiceáil ar an gcúirt. Bhí ceoil, spioraid iontach scoile agus tacaíocht den chéad scoth le brath ón lucht féachana. Táimid thar a bheith bródúil as na scileanna a chonaiceamar ar an gcúirt cispheile inniu chomh maith le comhoibriú iontach foirne. B’iad na bainisteoirí Niamh Ní Mhurchú, Lara agus Proinnsias a bhí i mbun traenála agus eagrúcháin le roinnt seachtainí anuas. Tá muid uilig thar a bheith buíoch astu. Tá gaisce bainte amach acu agus ag ár bpáistí. Nár laga Dia sibh uilig. Ag guí deireadh seachtaine fada lán sonas is gáire oraibh. Ar aghaidh linn le chéile!