Cluiche Ceannais Sóisearach 31-05-23

May 31, 2023

Comhghairdeachas ollmhór le foireann sóisearach peile na scoile agus lena gcuid bainisteoirí as an mbua a fháil i gcoinne Ráth Tó inniu i gcluiche ceannais Sraith Fhine Ghall. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus ár bhfoireann óg ag imirt i bPáirc Fine Ghall níos luaithe ar maidin. Mar is gnách bhí an lucht tacaíochta ar scoil agus ag an gcluiche glórach agus tacúil. Cuireadh fáilte mhór roimh ar seaimpíní ar ais ar scoil agus bhí ceol is clampar den chéad scoth ann. Táimid chomh bródúil astu agus pobal uile na scoile. Ar aghaidh linn le chéile.

Griangraif thíos agus sa nGailearaí freisin.