Cluiche Ceannais Páirc Pharnell 18-05-23

May 18, 2023

Táimid thar a bheith bródúil as foireann sinsearach na mbuachaillí a bhí ag imirt sa gcluiche ceannais de chuid sraith Fhine Ghall i bPáirc Pharnell inniu. Cé nár éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Pope John Paul táimid thar a bheith bródúil as ár n-imreoirí óga agus an gaisce atá déanta acu cluiche ceannais a bhaint amach. Bhí lá breá brothallach ann agus bhí an lucht tacaíochta ar scoil agus i bPáirc Pharnell dochreidte. Níor stop siad leis an gcanadh, leis an gclampar agus leis an tacaíocht an cluiche ar fad. Níl a sárú ar fáil, na gasúir agus lucht tacaíochta is fearr sa tír. Comhghairdeachas gasúir GSBB!

Griangraif thíos agus sa nGailearaí freisin.