Cluiche Ceannais Cumann na mBunscol

Oct 20, 2026

Táimid bródúil as foireann peile sinsearach na scoile. Seaimpíní. Buaiteoirí Cluiche Ceannais Cumann na mBunscol i bPáirc an Chrócaigh inniu. Bhí taispeántas sciliúil na cailíní le feiceáil ar an bpáirc inniu agus go deimhin in gach cluiche go dtí seo. Tá spioraid foirne dochreidte le feiceáil i measc na cailíní seo agus is mór an chúis bhród dúinn go léir an meas a léiríonn siad ar a chéile, ar na foirne freasúra agus ar chuile gné den pheil. Nár laga Dia sibh a chailíní agus buíochas speisialta dá gcuid traenálaithe a thacaíonn leo i gcónaí. Bhí an lucht tacaíochta ar scoil agus ag an gcluiche sár mhaith agus ní fhéadfadh muid bheith níos bródúla as pobal na scoile. Comhghairdeachas libh a chailíní. Dia go deo le GSBB!