Cluiche Ceannais Cumann na mBunscol 27-10-22

Oct 27, 2022

Bhí sceitimíní le brath san aer in GSBB luath na maidine seo. Bhí foireann buachaillí na scoile ina suí go moch agus iad ag imeacht ón scoil luath le aghaidh a thabhairt ar Chluiche Ceannais Cumann na nBunscoil a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh. Chroch siad a gcuid seolta (bhuel a gcuid fearais pheile!) leo sular raibh na gasúir eile ar scoil. Ach lean an spórt is spraoi le gasúir na scoile ag teacht isteach clúdaithe ó bhun go barr in gorm agus buí. Iarrachtaí dochreidte le hataí, bratacha, póstaeir is smidiú aghaidh. D’imigh gasúir ó Ranganna 3 go 6 chuig Páirc an Chrócaigh chun breathnú ar fhoireann peile na mbuachaillí agus iad ag imirt peil den scoth sa gcluiche ceannais seo. Cé go ndearna siad a seacht míle dícheall faraor, níor éirigh leo an corn a thabhairt leo. Mar sin féin táimid thar a bheith bródúil astu agus a gcuid iarrachtaí. Bhí clampar, canadh is ceol ón slua dochreidthe mar is gnách, an lucht tacaíochta is fearr in Éirinn. D’fhíll siad chun na scoile agus cuireadh míle fáilte rompu sa halla. Labhair captaen na foirne, Cillian go stuama agus níl dabht ar bith faoi ach go bhfuilimid thar a bheith bródúil as na buachaillí seo chomh maith le gasúir agus pobal uile na scoile. Nár laga Dia sibh. A thuilleadh griangraif le feiceáil sa Ghailearaí nó anseo.