Cluiche Ceannais Cailíní Sóisearacha Sraith Fhine Ghall

May 29, 2025

Seaimpíní an lae! Tá na cailíní ar fhoireann sóisearacha peile na scoile dochreidte. Chuadar amach inniu sa gcluiche ceannais de shraith Fhine Ghall agus níor stop an troid le sár imirt ar an bpáirc i gClub Fhine Ghallainn. Bhí toradh ar a gcuid saothair agus an corn tugtha abhaile chun na scoile acu théis bua den chéad scoth a fháil ar scoil Pope John Paul.

Táimid thar a bheith bródúil as ár seaimpíní buacacha, chomh maith lenár lucht tacaíochta a choinnigh orthu ag screadaíl agus ag déanamh gleo. Buíochas freisin as a gcuid traenálaithe ar fad. Lá iontach eile in GBB! Gorm and Buí abú.