Ceolchoirmeacha Scoile

Jun 10, 2026

Bhí gasúir na scoile uilig ar an stáitse inniu agus iad ag cur a gcuid talainn féin i láthair ag an gceolchoirm bhliantiúil. Bhí an cheolchoirm do na ranganna sóisearacha ar siúl i rith an lae agus ceolchoirm na ranganna sinsearacha um thráthnóna. Bhí meascán mearaí sna taispeántais. Bhí canadh, seinm uirlisí ceoil, cnaguirlisí, cnag cheol colainne, geaitsí, damhsaí, gleacaíocht, drámaíocht agus fiú rang Ióga ó chailíní Rang a 6. Bhí na gasúir ar bís agus chuir siad gliondar croí ar chuile dhuine a tháinig amach ag breathnú orthu. Tá muid chomh bródúil as an talann iontach atá sa scoil agus as na deá cuimhní a fhágann gasúir na scoile linn blian i ndiaidh bliana. Ba álainn slua mór iardhaltaí a fheiceáil ag teacht ar ais ag baint lán sult as buanna ár ngasúir iontacha. Dia go deo libh uilig.