Ceolchoirmeacha 30-03-23

Mar 30, 2023

Bhain gasúir na scoile éacht amach inniu agus iad ar stáitse ag ár gceolchoirm bhliantiúil. Bhí ceol, drámaíocht, aisteoireacht, siamsaíocht, damhsa, spórt is spraoi den chéad scoth. Molaimid go mór na gasúir as a gcuid sár iarrachtaí. Bhí siad ar fheabhas agus táimid thar a bheith bródúil astu. Ag guí Cáisc Shona oraibh go léir.

Griangraif thíos agus neart eile sa Ghailearaí nó anseo.