Ceolchoirm Sinsearach

May 8, 2025

Bhí an dara ceolchoirm scoile againn tráthnóna leis na ranganna sinsearacha ag tabhairt faoin stáitse. Bhí meascán álainn idir cheoil, amhráin, drámaíocht, damhsa, a thuilleadh spórt is spraoi. Bhí na gasúir ar fheabhas agus bhain an slua lán sult as an oíche. Táimid chomh bródúil as an obair dhian a dhéanann gasúir na scoile agus an léiriú a dhéanann siad ar a gcuid talainn. Dia go deo libh a ghasúir.