Ceolchoirm na Nollag

Dec 21, 2023

Bhí ceolchoirm na Nollag ar siúl in halla na scoile tráthnóna agus an áit lán go doras. Bhí sé chomh álainn fáilte a chur roimh na tuismitheoirí, seantuismitheoirí, caomhnóirí, iardhaltaí, iar mhúinteoir Olibhe, is iar chúntóir Seosaimhín, iarphríomhoide Séamus, baill den Bhord Bainistíochta, baill de Chairde na Scoile gaolta is cairde uilig na scoile. Bhí seó den chéad scoth againn agus bhí gasúir uile na scoile thar barr i mbun ceoil, amhránaíocht is drámaíocht ar an stáitse. Tá an Nollaig buailte linn go cinnte anois agus ba mhaith linn Nollaig mhór mhaith a ghuí oraibh ar fad, athbhliain faoi shéan is faoi mhaise.

Táimid buíoch as an múinteoir Niamh a thóg na griangraifeanna go léir, as pobal na scoile a d’ullmhaigh na gasúir, as gach duine a chabhraigh an oíche a eagrú agus a d’fhan siar chun cabhrú tráthnóna. Ach táimid buíoch go speisialta as na gasúir féin. Ár laochra uilig. Bhíodar iontach agus gan dabht ar fad ar liosta maith Daidí na Nollaig.