Ceolchoirm na Nollag

Dec 17, 2025

Bhí sár oíche againn in halla na scoile tráthnóna agus muid i mbun ár gCeolchoirm Nollaig. Bhí an halla maisithe go hálainn ag ealaín Nollaig na páistí sa scoil. Bhí na gasúir thar barr ar fad idir cheoil, amhránaíocht, drámaíocht, seinm uirlísí agus ceiliúradh le carúil na Nollag. Bhí spiorad an tséasúir go láidir sa halla agus táimid i gcónaí chomh bródúil as an talann iontach atá sa scoil. Táimid thar a bheith buíoch freisin do na múinteoirí a thugann a gcuid ama go fial, flaithiúil, fuinneamhúil ag réiteach don cheiliúradh iontach seo. Buíochas speisialta freisin do Niamh Ní Ghrifín a bhí i mbun griangrafadóireachta agus a chinntigh go bhfuil blas den ócáid álainn seo le feiceáil sna pictiúir thíos. Dia go deo libh a ghasúir agus foireann uilig GSBB!