Bhí spiorad na Nollag le brath in halla na scoile aréir agus ceolchoirm na Nollag ar siúl. Rinne na gasúir go léir gaisce ar stáitse idir cheoil, damhsa, ceol agus drámaíochta.
Bhí slua ollmhór sa lucht féachána agus bhí sé chomh deas an ócáid a bheith ar ais beo i mbliana. Bhí Séamus iar phríomhoide na scoile i láthair agus is é a bhí i mbun griangrafadóireacht na hoíche. Míle buíochas a Shéamuis.
Comhghairdeachas lenár bpáistí iontacha agus le pobail na scoile a bhí i mbun cleachtaithe leo. Ag guí Nollaig mhór mhaith oraibh go léir, athbhliain faoi shéan is faoi mhaise. A thuilleadh griangraif sa nGailearaí nó anseo.